Is é John Davison Rockefeller IV (18 Meitheamh 1937 a rugadh é), Seanadóir na Stát Aontaithe sinsearach ó Virginia Thiar. Is ball den Pháirtí Daonlathach é. Toghadh go dtí an Seanad sa bhliain 1985 é. Bhí sé ina ghobharnóir ar Virginia Thiar ó 1977 go dtí 1985.
Rugadh i gCathair Nua-Eabhrac é. Bhain sé amach céim ó Ollscoil Harvard i stair agus teangacha an Chian-Oirthir tar éis staidéar ar feadh trí bliana a bheith déanta aige ar an tSeapáinis i dTóiceo. Bhí sé páirteach i gCór na Síochána i Washington, D.C.
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search